Deireadh Seachtaine na Féile Pádraig - Na hÁiteanna is Fearr

Deireadh Seachtaine na Féile Pádraig - Na hÁiteanna is Fearr

An bhfuil tú ag lorg inspioráide ó thaobh taistil de? … Seo dhaoibh ár moltaí …

Cruach Phádraig, Co. Mhaigh Eo

Croagh PatrickCroagh Patrick, County Mayo

Tá an sliabh seo díreach taobh amuigh de bhaile mór álainn Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo.

750m os cionn na farraige, ní haon obair gan dua é barr an tsléibhe a bhaint amach. Agus déantar gan bhróga go minic mar oilithreacht é! Tá na radhairc ó Chuan Mó go haoibhinn.

Is fiú a bheith gléasta agus clúdaithe go maith mar ní bhíonn an aimsir ag an mbarr mar a bhíonn ag an mbun. Bí réidh leis an bhfuacht. Bain taitneamh as bia agus deoch i gCathair na Mart ag deireadh an lae.

Gluais

Cathair na Mart = Westport
Oilithreacht = pilgrimage
Radhairc = views
Go haoibhinn = beautiful/ enchanting/ delightful
Fuacht = cold

 

Carraig Phádraig, Co. Thiobraid Árann

The Rock of Cashel

Rock Of Cashel, County Tipperary

Deirtear gur thug Naomh Pádraig cuairt ar “The Rock of Cashel” chun Rí na Mumhan darbh ainm Aunghus a bhaisteadh. Tugtar “Saint Patrick’s Rock” uirthi go minic dá bharr.

Agus tú ag déanamh camchuairt ar Charraig Phádraig, bí cinnte go dtéann tú trasna an bhóthair chun na fothracha ag Hore Abbey a fheiceáil. Tá radharc álainn den charraig le fáil anseo. D’fhéadfá críoch a chur leis an turas le bia blasta agus deoch i dteach tábhairne agus bialann Mikey Ryan’s.

Gluais

Baist = baptise

Camchuairt = tour

Fothracha = ruins

 

Ardeaglais Phádraig, Co. Ard Mhaca

Saint Patrick’s Cathedral

Saint Patrick's Cathedral, County Armagh

Tosaíodh ar an obair thógála ar Ardeaglais Phádraig sa bhliain 1840 ach cuireadh stop léi sa bhliain 1845 mar gheall ar an nGorta Mór. Níor críochnaíodh í go dtí 1904.

Tá an Ardeaglais fíor-ornáideach istigh agus amuigh agus tá sí ar cheann de na séipéil is galánta in Éirinn. Seasann sí go hard le radhairc iontacha den chathair. Ceaptar gur bhunaigh Pádraig a chéad eaglais sa bhliain 445 AD in Ard Mhaca.

Gluais

Gorta Mór = Great Famine

Ornáideach = ornate

Galánta = beautiful/ fine/ grand

Bunaigh = establish

 

Cad iad na háiteanna a mholfá ar Deireadh Seachtaine na Féile Pádraig?

 Más mian leat an blag seo a léamh as Béarla, féach anseo.

 

Comments 0

Leave a comment

Please note, comments must be approved before they are published